Glaoch Oscailte – Interface 2026
Tá an-áthas ar an eagraíocht ealaíon Interface tréimhse chónaitheachta úrnua a fhógairt, deis nua d’ealaíontóirí comhaimseartha atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus a oibríonn trí Ghaeilge.
Is deis íoctha í seo agus beidh trí chónaitheacht ar fad á mbronnadh.
Beidh liúntas €1,100 an duine ar fáil do gach ealaíontóir a roghnófar, in éindí le lóistín, rochtain ar spás stiúideo in Interface ar feadh coicíse, agus tacaíocht choimeádaíochta le linn na tréimhse.
Tá stiúideo Interface i nGleann Eidhneach, i gConamara.
Is Le Saol Na Saol nó World Without End an téama a bheidh ina bhunchloch ag an tréimhse chónaitheachta seo. Is téama oscailte é atá ceaptha smaointe a spreagadh maidir leis an rud atá buan, an bheatha gan bhás, an athghiniúint bhitheolaíoch agus an athghiniúint teanga. Tabharfar cuireadh do na healaíontóirí dul i ngleic leis an téama trína gcleachtas féin agus trí lionsa cultúrtha na Gaeilge. San obair chruthaitheach seo seans gur spreagadh a bheidh i saol agus éiceolaíocht na gcoillte mórthimpeall ar Interface, stair thionsclaíoch an tsuímh mar ghorlann bradán, nó an nasc atá ag an mórshuíomh le taighde eolaíochta.
Tá tacaíochtaí ag gabháil leis an tréimhse chónaitheachta seo, agus tá cuireadh chun rannpháirtíochta fite fuaite sa chlár. Tabharfar deis do na healaíontóirí a bheith páirteach i gceardlann le Michael Gibbons, saineolaí aitheanta i réimse na seandálaíochta. Beidh Nuala Ní Fhlathúin, coimeádaí, ar fáil le linn na coicíse chun deiseanna comhrá agus machnaimh a sholáthar, chomh maith le plé cruthaitheach a dhéanamh de réir mar a fhorbraítear an obair. Ag deireadh na tréimhse cónaitheachta, reáchtálfar lá oscailte, ag a mbeidh deis ag na healaíontóirí an obair atá idir lámha acu a roinnt leis an bpobal.
Eolas Fúinn
Is eagraíocht ealaíon nuálach iad Interface agus tá clár cónaitheachta stiúideo agus spás taispeántais acu i nGleann Eidhneach, i gcroílár Chonamara. Oibríonn siad le healaíontóirí comhaimseartha, sa tír seo agus thar lear, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. https://interfaceinagh.com/ Tá an togra cónaitheachta Le Saol na Saol á mhaoiniú go hiomlán ag Ealaín na Gaeltachta. Is é seo an chéad chlár cónaitheachta ar mhórscála trí Ghaeilge atá á thairiscint ag Interface, faoi stiúir coimeádaí ón nGaeltacht.
Is í Nuala Ní Fhlathúin an t-aoichoimeádaí don togra seo. Tógadh i gCeantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara í, tá Máistreacht sa Mhínealaín aici ó Ollscoil Washington, Seattle agus is coimeádaí, ealaíontóir agus taighdeoir ealaíne í. Cuimsíonn a cleachtas tionscadail fhadtéarmacha amharcealaíne ar gné díobh an rannpháirteachas sóisialta, chomh maith le tionscadail thaiscéalaíocha a bhaineann le forbairt ghairmiúil d’ealaíontóirí, agus atá bunaithe ar na naisc idir teanga, pobal agus ealaín. Tá maoiniú faighte aici ó Ealaín na Gaeltachta, ón gComhairle Ealaíon, ó Oireachtas na Gaeilge, agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Príomhshonraí
Tréimhse: Coicís i mí Aibreáin 2027. Beidh an trí chónaitheacht ar siúl ag an am chéanna
Cé ar a bhfuil an chónaitheacht dírithe? Amharc-ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus oibríonn trí Ghaeilge.
Conas iarratas a dhéanamh: Seol PDF amháin chugainn, ina bhfuil do CV, ráiteas ealaíontóra agus ocht sampla de shaothar a rinne tú le déanaí, nó naisc chuig an saothar sin, roimh 30/10/2026 Nóta: Ba cheart an t-iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Déan cinnte go luann tú an nasc atá ag do chleachtas leis an nGaeilge (mar shampla, úsáid na Gaeilge i gcur i láthair do chuid oibre nó mar chuid d’ábhar do chuid oibre). interfaceinagh@gmail.com
Beidh Interface in ann socruithe eile a chur ar fáil d’ealaíontóirí faoi mhíchumas chun iarratas a dhéanamh.
Spriocdháta don iarratas: Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2026
Céard atá á thairiscint: Spás stiúideo agus lóistín i gcomhair tréimhse chónaitheachta coicíse, agus liúntas €1,100 san iomlán. Triúr ealaíontóirí ar fad a roghnófar.
Tabhair faoi deara: Tá ceadúnas tiomána agus carr riachtanach don tréimhse chónaitheachta seo, agus is é an t-ealaíontóir amháin atá freagrach astu sin.
Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta
Instagram and FB : interfaceinagh
Open Call – Interface 2026
The arts organisation Interface is pleased to announce a new residency programme for contemporary visual artists based in the Gaeltacht who work through the Irish language.
This is a paid opportunity with three residencies being awarded. Each selected artist will be offered a stipend of €1,100 per person, access to a studio space at Interface for two weeks, curatorial support and accommodation.
The Interface studio is located in the Inagh Valley in Connemara.
The residency is centered on the theme Le Saol Na Saol or World Without End. This open theme is designed to give scope to ideas exploring permanence, life without death, and biological and linguistic regeneration. Artists will be invited to engage materially and conceptually with the theme, through their own creative practice, and the cultural lens of the Irish language – perhaps finding resonance in the life and complex ecology of the surrounding woodlands, the site’s industrial history as a salmon hatchery, or the wider site’s connection with scientific research.
This will be a supported residency, with opportunities for engagement woven into the programme. The selected artists will be invited to participate in a workshop led by Michael Gibbons, an expert in field archaeology. The curator, Nuala Ní Fhlathúin, will be available during the two-week period to facilitate opportunities for conversation, reflection and creative exchange as the work develops. At the end of the residency, an open day will be held, offering the artists a chance to share their work-in-progress with the public.
About us
Interface is an innovative studio residency programme and exhibition space situated in the Inagh Valley, in the heart of Connemara. Working with contemporary artists both nationally and internationally, they are supported by the Arts Council of Ireland and Galway County Council. The residency strand Le Saol na Saol is fully supported by Ealaín na Gaeltacha. This is Interface’s first large-scale Irish speaking residency programme, led by a visual art curator from the Gaeltacht.
Nuala ní Fhlathúin is our invited curator for this residency. Raised in Ceantar na nOileán in the Connemara Gaeltacht, she holds an MFA from the University of Washington and works as a curator, artist and art researcher. Her practice encompasses long term socially engaged visual art projects and exploratory professional development projects based on intersections between language, community and art. She has been funded by Ealaín na Gaeltachta, the Arts Council of Ireland, Oireachtas na Gaeilge and Galway County Council.
Key Details
Duration of residency: Two weeks in April 2027. The three residencies will be happening concurrently
Who is eligible to apply? Visual Artists based in Gaeltacht areas who use Irish as their professional working language
How to Apply: Please send us a single PDF containing your CV, artist statement, and eight examples of recent work, or links to that work, by 30/10/26. Note: Applications should be made in Irish. Make sure you outline how you use the irish language in your practice, eg in the presentation of your work, or the thematic content of the artwork. interfaceinagh@gmail.com
Interface can work with artists with disabilities on alternative methods of applications.
Deadline for application: Friday, 30 October 2027
What is offered: Studio space and accommodation for a two-week residency, together with an individual stipend of €1,100. Three artists in total will be selected
Please note: A driving licence and access to a car are essential for this residency. Artists are responsible for making their own transport arrangements.
With the support of Ealaín na Gaeltachta.
Share: