2022 – April

Glaoch Oscailte

Tá iarratais á lorg againn ó ealaíontóirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. Tabharfar tús áite dóibh siúd a bhfuil baint ag a gcuid saothar leis an teacht le chéile idir cúrsaí taighde san eolaíocht agus na healaíona. Tá stiúideo Interface lonnaithe in áitreabh atá á roinnt le Inagh Valley Trust, a thugann faoi thograí ina ndéantar taighde san eolaíocht. Tá deis á chur ar fáil ag Interface d’ealaíontóirí tréimhse a chaitheamh i dtimpeallacht ar leith agus inspioráid a fháil ón taighde spreagúil atá ar siúl i dtírdhreach álainn.

Tréimhse: Coicís – Fómhar/Geimhreadh 2022

Conas Iarratas a Dhéanamh: Seol pdf amháin chugainn, ina bhfuil do thogra, CV, ráiteas ealaíontóra agus ocht sampla de shaothar a rinne tú le déanaí, nó nascanna chuig an saothar sin.

Céard atá á thairiscint again: Spás stiúideo agus áit chónaithe i gcomhair tréimhse chónaitheachta coicíse, agus liúntas €700.

Tabhair faoi deara: Tá ceadúnas tiomána agus carr riachtanach don tréimhse chónaitheachta seo, agus is an ealaíontóir amháin atá freagrach astu seo.

Le tacaíocht Ealaín na Gaeltachta Teo.

Spriocdháta nua: 17 Meitheamh 2022

Share: