Gliogar

Risteard Ó hAodha, Peader Tom Mercier agus Aindriú de Buitléir

Is cnuasach ealaíontóirí agus ceoltóirí iad Gliogar a chuireanns ceolchoirmeacha ar siúl, go háirid trí mheáin na Gaeilge agus le ceoltóirí comhaimseartha Gaelacha. Tá siad lonnaithe i gConamara Theas.

Go dtí seo tá gigeanna eagraithe acu i láthair éagsúla ar nós Amharchlann Seanscoil Sailearna in Indreabhán, Áras na nGael sa mBaile Mór, An Bernard Shaw i mBÁC, Record Room i gCathair Luimnigh agus bíonn gigeanna míosúla curtha ar fáil sa Corner House i gCathair Chorcaí.

Suíomh Idirlín 

Share: