Caitríona Lane

Is file agus scríbhneoir dátheangach í Caitríona Lane. Tá cónaí uirthi i gConamara áit a fhaigheann sí inspioráid chun dul i mbun pinn ón saol
nádúrtha agus osnádúrtha timpeall a tí. Dar léi is teanga ann féin an tírdhreach. Feictear di gurb í teanga ársa na nGael teanga tírdhreach an iarthair. Tá sé mar aidhm aici guth a
thabhairt don tírdhreach ar áitreabh Interface Inagh, i gCluain na Ceártan, ag tochailt go fileata i dtobar na teanga chun tonnta fuaime na háite a nochtadh i bhfoirm filíochta.

Caitríona is a bilingual poet and writer living in Connemara. She perceives the landscape as a language in and of itself. She considers the Irish language as a language of  landscape . It was her focus during her residency to reawaken the native elemental voice of Cluain na Ceártan, whilst digging for poetry in the well of Gaeilge releasing the sound waves of time.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Athshaolaithe.

Ná diúltaigh dom scun scan
Mar cráiteachán de chailleach,
Mo chuislí casta, mo mhéara cranraithe,
Mo chraiceann pollta.
Báite ag báisteach Atlantach.
Ná diúltaigh dom scun scan .

Nílim ach ag ligean mo scíthe ar chraobh caorthainn,
Ag teacht slán as súil na stoirme,
Ag síobshiúl síos go talamh le filleadh go foinse
Chun codladh dála fathach a bhí ina suain.
Dúiseofar mé ag Imbolc
Agus gheofar spléachadh ar na bachlóga.
Le nochtadh maighdean na Bealtaine,
Ní bheidh dé ná deatach ar an gcailleach seo.
Mar is mise an Seiceamar,
Úrghlas,
Athshaolaithe.

Share: