Conamara
Luaigh Oscar Wilde an fiántas agus an áille le chéile le Conamara. Feictear dreach lom an taobh tíre sa cheantar seo, portaigh uaigneacha, tránna aoibhne agus raonta sléibhe Mhám Toirc agus na mBeanna Beola. Tá sé ar imeall thiar na hEorpa agus ceangal staire ag an réigiún le cuid de na tionscadail ceannródaíocha is mó le rá a rinneadh i gcúrsaí eolaíochta trasna an Atlantaigh.
Stáisiún Raidió Marconi
Chuir Guglielmo Marconi cor mór i gcúrsaí cumarsáide nuair a sheol sé teachtaireachtaí teileagrafaíochta óna stáisiún i bPoldhu Chorn na Breataine go Talamh an Éisc an 12 Nollaig 1901. Thug Rialtas Cheanada deontas $80,000 dó le stáisiún a thógáil i nGlasbaidh in Albain Nua agus chuaigh sé i mbun barr feabhais a chur ar an gcumarsáid teileagrafaíochta le Poldhu ó dheireadh na bliana 1902 amach. Chuaigh sé an-deacair leis córas cumarsáide a mbeadh rath air ar bhonn tráchtála a chur ar siúl agus nuair a cheap go mb’fhearr an stáisiún an taobh seo den Atlantach a shuíomh chomh fada siar agus ab fhéidir, shocraigh sé ar Dheirgimleach in aice an Chlocháin tar éis tástáil a dhéanamh in áiteanna éagsúla.
Níor osclaíodh an stáisiún go hoifigiúil go dtí an 17 Deireadh Fómhair 1907 nuair a tosaíodh ar chomharthaí a sheoladh ar bhonn tráchtála idir an Clochán agus Glasbaidh. Ba mhór an seó é, áras mór don innealra comhchruinnithe, áras giniúna ina raibh 6 cinn de choirí, agus córas fairsing aeróg le 8 gcinn de chrainn mhóra adhmaid 210 troigh ar airde soir trasna an tsléibhe go ceann 0.5 ciliméadar. Bhíodh splancanna ag éirí ó na haeróga agus sin le cloisteáil fada go maith ó bhaile, comhartha gur tréan an chumhacht agus an voltas a bhí i gceist (150KW @ 15,000 volta).
Le himeacht aimsire, rinneadh dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta agus tógadh stáisiún níos cumhachtaí arís i gCaernarfon na Breataine Bige. D’ionsaigh fórsaí poblachtánacha stáisiún Dheirgimligh i mí Iúil 1922 agus tharla damáiste d’fhoirgnimh éagsúla lena linn sin. D’éiligh comhlacht Marconi cúiteamh ar rialtas nua an tSaorstáit ach níor tháinig sin i gcrích. Dúnadh an stáisiún tamall gairid ina dhiaidh sin.
Tá iarsmaí an stáisiúin tréigthe ó díoladh brisleach agus dramhábhar ar a dhúnadh. D’éag na daoine a bhíodh fostaithe sa stáisiún agus is mór an trua a laghad a rinneadh le miontuairisc a bhreacadh ar fhiontar mór tionsclaíochta i dtús an 20ú aois. Tá siúlóid cuairte leagtha amach ar an suíomh ag Cumann Oidhreachta an Chlocháin agus Chonamara a théann go leac cuimhneacháin Alcock & Brown freisin, an bheirt ba thúisce a d’eitil trasna an Atlantaigh.
Téacs le caoinchead ó Shane Joyce
An Chéad Eitilt trasna an Atlantaigh
An 15 Meitheamh 1919, tháinig Alcock agus Brown anuas in eitleán de chineál Vickers Vimy ar an gcriathrach i nDeirgimleach, ó dheas den Chlochán i gConamara, Co. na Gaillimhe, tar éis sé huaire an chloig déag de thuras anróiteach ar an aer as Baile Sheáin i dTalamh an Éisc.
D’fhág an Capt. John Alcock agus an Lieut. Arthur Whitten-Brown Baile Sheáin san eitleán désciathánach do bheirt an lá roimhe sin, Dé Sathairn an 14 Meitheamh. Misin buamála leathanréimseacha a bhí ceaptha ó thús don Vickers Vimy agus is mór an obair chóiriúcháin a rinneadh ar an eitleán don iarracht seo eitilt trasna an Atlantaigh.
Is beag trioblóid a bhain le tús an turais seachas tamall fada gluaiseachta ar feadh na talún sular éiríodh in aer. Ba ghearr gur thosaigh an t-anró. Chúngaigh ceo agus scamaill réimse amhairc Brown ar theastaigh spéir ghlan uaidh go mbeadh in ann bealach a dhéanamh go cinnte. Chlis ar an raidió ar an gcéad rud eile agus ansin thit an córas sceite agus ciúnadóireachta ar deasbhord ó chéile, rud a d’fhág nach gcloisfidís caint a chéile.
Is measa freisin a bhí cúrsaí aimsire de réir a chéile. Bhí clocha sneachta ag réabadh chomh mór gur shíl an bheirt go stróicfí ábhar seachtrach an eitleáin. Nuair is sneachta a bhí ag titim in áit na báistí, thosaigh gléasra rialaithe an eitleáin ag reo agus b’éigean do Brown éirí amach as cró na bpíolótaí sé huaire le leac oighir a ghlanadh de chodanna den eitleán a rabhthas ag brath go hiomlán ar a n-oibriú.
Shocraigh an bheirt a theacht anuas i gContae na Gaillimhe agus d’athraigh siad cúrsa beagán ó dheas gur tháinig os cionn talún i mbéal Chuan an Chlocháin ach chinn orthu aird a tharraingt agus iad ag eitilt thar stáisiún teileagrafaíochta Marconi. Rinne siad as sin ar an gClochán agus chuaigh i bhfáinne thart ar an mbaile agus thug roinnt de mhuintir na háite faoi deara iad. Rinne siad ar Stáisiún Marconi arís ag súil le háit chóiriúil tuirlingthe a fháil agus shíl siad gur stráice deas glas a bheadh fúthu nuair nár aithnigh gur bogach a bhí ann. Cé go ndeachaigh smut an eitleáin i dtalamh, níor tharla aon ghortú mór de cheachtar den bheirt agus bheadh trácht is stair na heitleoireachta ar Alcock agus Brown as sin amach. Ba sheic £10,000, an duais a bhí á tairiscint ag THE DAILY MAIL, rompu freisin i Londain.
D’fhág Alcock agus Brown an Clochán tráthnóna Domhnaigh, an 15 Meitheamh, iad ina laochra ag cuid mhór de bharr ar éirigh leo a dhéanamh. Shínigh siad a n-ainmeacha do na sluaite agus scéal mór á dhéanamh díobh ar an mbealach as Deirgimleach go Londain, tríd an gClochán, Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Ar a theacht go Londain dóibh, fuair siad duais an DAILY MAIL agus duaiseanna eile dar luach iomlán £13,000. Rinne an Rí Seoirse ridirí díobh chomh maith.
Tá leac cuimhneacháin Alcock & Brown suite ar a mBóthar Ard in Iorras Fhlannáin, crochta os cionn chriathrach Dheirgimligh mar ar cuireadh i gcrích éacht na beirte i stair na heitleoireachta.
Mainistir na Coille Móire
Mainistir na Coille Móire an clochar chuig a ar tháinig mná rialta den Ord Beinidicteach sa bhliain 1920 ó scriosadh an clochar a bhíodh acu in Ypres na Beilge i rith an chéad chogadh domhanda. Chuir mná rialta na mBeinidicteach scoil chónaithe do chailíní ar bun ar an gCoill Mhóir a ndeachaigh a cáil ar fud an domhain agus thosaigh siad ar an Mainistir, an Séipéal Gotach agus an Garraí Daingean ó ré Victoria a chur ar ais sa chruth ina mbídís.
An 4ú lá de mhí Mheán Fómhair 1867 a leag Margaret Vaughan Henry, bean chéile Mitchell Henry, an bhonnchloch ar Choill Mhóir. Mar chomhartha áibhéalta ar a ghean do Margaret a ceannaíodh agus a pleanáladh an t-eastát tar éis dó í a thabhairt go hÉirinn ar mhí na meala i rith na 1840idí.Cé gur le linn bhlianta ocrais, aicíde agus anró a thug siad cuairt go Conamara, chonacthas do Mitchell go bhféadfaí athrú agus forás eacnamaíochta a thabhairt i bhfeidhm sa cheantar.
Paiteolaí cruthanta agus máinlia súl a bhí in Mitchell, mac le tráchtálaí láidir cadáis i Manchain arbh de bhunadh na hÉireann é. Go deimhin, sula raibh deich mbliain is fiche slán aige, bhí gnó tréan liachta ar Harley Street aige agus is eol go raibh sé ar dhuine de na cainteoirí ab óige riamh a labhair os comhair Choláiste Ríoga na Máinlia i Londain. Nuair a d’éag a athair, fágadh gnó ríláidir an teaghlaigh le huacht ag Mitchell agus bhí sé ar dhuine de na hóigfhir ba rachmasaí ar fud na Breataine Móire ag an am. Ní raibh aon mhoill ar Mitchell ag éirí as a chuid dochtúireachta agus thug sé aghaidh ina áit sin ar shaol na polaitíochta, é den tuairim go bhféadfadh sé athrú a thabhairt i gcrích ar an saol lena chuid liobrálachais. Ba é an saibhreas nua seo a bhí aige a d’fhág gurbh acmhainn dó freisin Teach na Coille Móire a cheannach agus Caisleán breá a thógáil.
Sa bhliain 1874, blianta beaga tar éis obair an chaisleáin a thabhairt chun críche, d’fhág muintir Henry an Choill Mhóir ag dul ar laethanta saoire don Éigipt. Bhuail tinneas Margaret agus iad ar an turas sin agus, ainneoin gach dícheall, níorbh fhéidir aon mhaith a dhéanamh di agus cailleadh í tar éis coicíse. 45 bliana d’aois a bhí sí agus ní raibh Violet, an iníon ab óige aici, ach dhá bhliain d’aois ag an am. Bhí croí Mitchell briste. Tugadh mínchóiriú balsamóireachta ar chorp Margaret i gCaireo sular aistríodh ar ais don Choill Mhóir í. De réir sheanchas mhuintir na háite, bhí corp Margaret leagtha amach i gcónra ghloine faoin staighre mór sa halla tosaigh ionas go bhféadfadh daoine muinteartha agus na tionóntaí teacht ar a tórramh. Níorbh aon ní neamhghnách sin ó tharla go mba é gnás na linne an corp a thórramh sa teach cónaithe. Cuireadh corp Margaret ina dhiaidh sin i másailéam brící dearga sa choill in aice an tí ar an gCoill Mhóir a raibh oiread mórtais aici as.
Cúrsaí Éiceolaíochta
Meastar mórthábhacht mar phríomhcheantar caomhantais fiadhúlra, ar leibhéal na hEorpa agus na hÉireann, leis an limistéar fiántais i gConamara. Faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga a roghnaítear agus a ainmnítear Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCS). Luaitear gnáthóga agus speicis faoi leith sa Treoir ar gá iad a bheith faoi chosaint in LCS. Áirítear ar ghnáthóga den sórt sin in Éirinn, portaigh ardaithe, bratphortaigh, turlaigh, dumhcha gainimh, machair (mánna gainimh faoi fhiataíl le cósta an tuaiscirt agus an iarthair), fraochmhánna, locha, aibhneacha, coillte agus inbhir. Áirítear ar 25 speiceas nach mór foráil dá gcosaint in Éirinn an Bradán, an Dobharchú, an Diúilicín Péarla Fionnuisce, an Deilf Bholgshrónach agus Raithneach Chill Airne.
Dírítear sciar suntasach d’obair cláir Interface ar réimsí trasnaíola idir beartaíocht ealaíne agus beartaíocht éiceolaíochta ar muir agus ar talamh. Sampla tábhachtach de seo Siompóisiam na Coille agus Bearing Witness, trína mbaintear leas as an ealaín chun plé faoi a spreagadh faoin tionsclaíocht agus cúrsaí farraige.
Áirítear speicis ionracha a chuireann isteach ar ghnéithe éiceolaíochta sosmálaithe ar an ábhar bagartha maidir le timpeallacht an cheantair.
Speiceas ionrach neamhdhúchasach an rhododendron ponticum atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta. Ina phlanda garraíodóireachta a tugadh go hÉirinn den chéaduair é san 18ú céad. Fásann sé go rábach i gConamara ar thalamh fliuch aigéadach portaigh. Tor síorghlas atá ann ar a dtagann bláthanna geala bándearga, a fhásann go tréan agus a cheileann an solas ar an bhfásra dúchais a d’fhásadh roimhe sin ar an talamh atá faoi. Is ríthábhachtach, d’fhonn fraochmhánna agus coillearnaigh athfháis a chothú, an speiceas seo a cheansú trína ghearradh siar agus luibhicíd a úsáid ar bhealach stuama ina leith.
Le Meiriceá Theas ó dhúchas a bhaineann an gunnaire, Gunnera Tinctoria, a shíltear freisin le cineál mór den bhiabhóg. Tugadh go hÉirinn mar phlanda maisiúcháin ar dtús é agus fásann sé dá stuaim féin anois in áiteanna ar fud na hÉireann inar saothraíodh le fada é agus a ndeachaigh sé chun cineáil. Ó tharlaíonn sin, déanann siad ionradh go tréan agus fásann go dlúth ina gcoilíneachtaí ionas go gcuirtear plandaí de chineálacha dúchais ar gcúl mar gheall ar na duilleoga fairsinge a cheileann deis fáis ag plandaí eile faoina scáth. Tarlaíonn cur isteach freisin ar shreabhadh uisce nuair a chuirtear bac ar dhraenáil i srutháin agus in aibhneacha cóngarach dóibh, go háirithe nuair a bhíonn an t-uisce ard.
Scoil Saothair Leitir Fraic
Tar éis an ghorta go díreach, c.1850, a chuir James & Mary Ellis, lánúin a bhain le Cuallacht na gCairde, baile Leitir Fraic ar bun. Bhí gnó láidir tráchtála acu i dtionscal an éadaigh i mBradford Shasana. Chuir siad siopa, scoil, siopa poitigéara agus Óstán Ólséanta ar bun. Bhíodh tornóg aoil agus monarcha ciseán acu freisin. I rith na tréimhse sin díreach tar éis aimsir an drochshaoil, chuir muintir Ellis fostaíocht ar fáil a raibh géarghá léi trí bhearta feabhsúcháin ar 915 acra talún. Chuaigh sláinte James Ellis ar gcúl agus dhíol sé an áit le John Hall, fear a sheas leis an Irish Church Mission. Dhíol Hall an áit arís sa bhliain 1882 agus cheannaigh comhlacht aturnaetha é thar ceann Ardeaspag Thuama. Ó dheireadh an naoú céad déag go dtí 1973, bhí Scoil Saothair Leitir Fraic á rith ag na Bráithre Críostaí sna foirgnimh chéanna. Tháinig mícháil ar Scoil Naomh Seosamh nuair a tuigeadh go raibh drochíde corpartha agus gnéis á oibriú ar na buachaillí ag roinnt de na Bráithre ansin agus foilsíodh fianaise ar dhrochíde ghnéis agus ar fhisiciúil chomh fada siar leis na 1930idí. Dúnadh an scoil sa bhliain 1974.
Ba é breith Thuarascáil Uí Riain go raibh an pionós corpartha i Leitir Fraic chomh géar, iomarcach agus minic gur cruthaíodh cultúr faitís, gurbh é an modh smachta ba thúisce é agus nach bhféadfadh leanaí a sheachaint mar gheall gur mhinic nach go cóir ná de réir leanúnachais a d’oibrítí é. Bhí fadhb freisin go seasta síoraí le héigniú á imirt ag Bráithre Críostaí ar na buachaillí i Leitir Fraic.
Tá an tseanscoil saothair faoi úinéireacht Connemara West Plc, comhlacht pobail, anois agus bunathrú curtha acusan ar láthair a bhíodh ina chrá agus ina chéasadh go bhfuil spás bríomhar pobail anois ann ina bhfuil Lárionad Náisiúnta Sárfheabhais Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh maidir le Dearadh Troscán agus Teicneolaíocht; Forum, cuideachta páirtnéireachta pobail; Raidió Pobail Chonamara; Conservation Letterfrack; Ógtheagmháil; crèche, agus Books at One.
Humanity Dick
Rugadh Richard Martin i mBaile na hInse, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1754. I dTeach an Daingin, ceithre mhíle amach as baile mór na Gaillimhe, a tógadh é. Bhí na Máirtínigh le háireamh ar Threibheanna na Gaillimhe. Bhí siad ina n-úinéirí ar cheann de na heastáit ab fhairsinge ar fud na Breataine Móire agus na hÉireann. Ba leo mórchuid na talún i gConamara. Bhí an Máirtíneach an-tugtha do chosaint ainmhithe agus ar dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn um Chosaint Ainmhithe (an RSPCA ina dhiaidh sin); chuidigh sé le hacht a rith sa bhliain 1822, ar mbíodh an Martin Act ina dhiaidh sin, ar mhaithe le cearta ainmhithe a chosaint. Bhí an Rí Seoirse IV chomh tógtha lena chuid feachtasaíochta mar gheall ar an ábhar sin gur thosaigh sé ag tabhairt ‘Humanity Dick’ air. Chaill sé a shuíochán an 11 Aibreán 1827 nuair a tugadh faoi deara go raibh vóta caite go mídhleathach faoi thrí ag gach duine dá chuid tionóntaí agus iad ag dul faoi cheilt ar mhaithe leis sin a dhéanamh.







