Éiceolaíocht Mhuirí

Tá meitheal curtha le chéile ag Interface i rith na bliana 2025 le cíoradh a dhéanamh ar ghnéithe casta de thionchar na tionsclaíochta, de réir mar a thugtar sin i gceist le cúrsaí muirí, ar an timpeallacht. Tionscnaíodh an togra seo mar gheall ar ghairm scoile ó IMMA Earth Rising agus déanfar é a fhorbairt d’fhonn cur i láthair a dhéanamh ag an bhféile i mí Meán Fómhair 2025.

Laney Mannion | Jane Cassidy | Marie Louise Heffernan

I dtráth na práinne, is iomaí duine a mhealltar i mbun plé le cásanna anróiteacha maidir le samhail den todhchaí a dhéanamh sábháilte, teacht roimh ní atá á thuar, an t-am i láthair agus an t-am a caitheadh a chur de leataobh ar mhaithe le saol samhalta na nglúnta atá le theacht. Ní gá ceangal den sórt sin le tráthanna a cheaptar a bheith i ndán chun plé le ceisteanna anróiteacha. Go deimhin, is é is gá coinneáil ag plé le cás anróiteach go bhfoghlaimítear leis an am i láthair a thaithí dáiríre, ní hionann agus a bheith ar maighdeog idir uafás nó aoibhneas an ré atá caite agus tuar díothaithe nó slánaithe na linne atá romhainn.[1]

Is é seo tráth na cinniúna maidir le hÉirinn agus an fharraige. Táthar i mbun phróiseas na pleanála faoi láthair maidir leis an gcéad chéim den fhorbairt maidir le gineadóireacht leictreachais ón ngaoth amach ón gcósta, beart is ionann agus tús a chur le saothrú tionsclaíochta ar mhórscála ar an bhfarraige. Feirm ghaoithe amháin atá beartaithe a chur ar Sceirde amach ó chósta Chonamara is ábhar don togra seo.

Tá de chuspóir leis sin foinse fuinnimh atá glan slán a chur ar fáil a chuideoidh le 80% den leictreachas in Éirinn a ghineadh ó fhoinsí inathnuaite faoin mbliain 2030. Acmhainn 450 MW a bhainfidh leis an bhfeirm ghaoithe atá beartaithe. Tá 30 tuirbín i gceist, buaic na sciathán imchasta 325 in airde, na sciatháin 292m ar leithead, na tuirbíní feistithe do ghrinneall na farraige in áiteanna 5km amach ó chósta Chonamara. Ar an bhfeirm ghaoithe a thógáil, beidh dóthain fuinnimh ag líon is mó ná 350,000 teach á chur ar fáil agus astaíocht CO2 á sheachaint a bheadh cothrom le 180,000 carr peitril a bhaint de bhóithre na hÉireann.

Is den bhunriachtanas beart a dhéanamh i leith na haeráide ach ní féidir caillteanas bithéagsúlachta a bheith dá thoradh. Níl míneadas ar bith sa phlé a dhéantar faoi láthair, tá gach a bhfuil de bhuntáiste againn á íobairt ar mhaithe le spriocanna aeráide a shásamh agus ‘...is é atá le déanamh aighneas a tharraingt.’

Tá cás géarchéime i réim cheana féin maidir le gnáthóga ar talamh, 84% díobh i gcaoi nach fabhrach - ní féidir dul amú ar an gcuma chéanna amach ón gcósta. Is í farraige na hÉireann agus na héin farraige an sméar mullaigh maidir le cúrsaí bithéagsúlachta agus ní mór a gcaomhnú agus a gcosaint a bheith lárnach maidir le haon straitéis forbraíochta sa tír seo.

Share: